Seachtain na Gaeilge 2020 - 2020-02-29 21:17:00

Ba mhian linn roinnt Gaeilge a úsáid i Raonaithe Nemo i rith Seachtain na Gaeilge.

Bíonn an fhéile ar siúl ón 1 – 17 Márta gach bliain.

Is féile idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge, atá ar an gceiliúradh is mó dár dteanga agus dár gcultúr dúchais a bhíonn ar siúl in Éirinn agus fud fad an domhain gach bliain.

Tugann an fhéile deis do gach éinne sult a bhaint as an nGaeilge, idir chainteoirí dúchais, fhoghlaimeoirí agus lucht an chúpla focal ar aon, trí fhéilire imeachtaí siamsúla agus spraíúla a chur ar fáil do gach cineál suime agus gach aoisghrúpa.

Is grúpaí deonacha agus pobail, comhairlí áitiúla, scoileanna, leabharlanna, agus eagrais cheoil, spóirt, ealaíon agus chultúrtha a eagraíonn imeachtaí ina gceantar féin do Sheachtain na Gaeilge.

Is le gach duine an Ghaeilge, is le gach pobal Seachtain na Gaeilge– Bain Triail Aisti – Surprise Yourself! Nemo abú!


We would like to use a bit of Irish at Nemo Rangers during Irish Week.

The festival runs from 1 – 17 March every year.

Seachtain na Gaeilge is an international Irish language festival and one of the biggest celebrations of our native language and culture that takes place each year in Ireland and in many other countries. The festival gives an opportunity to everyone to enjoy Irish, whether you are a fluent speaker, learner or have a cúpla focal, with a calendar of entertaining and fun events for every type of interest and every age group. Voluntary and community groups, local authorities, schools, libraries, and music, sports, arts and culture organisations organise events for Seachtain na Gaeilge in their local area.

Irish is for everyone, Seachtain na Gaeilge is for everyone – Bain Triail Aisti – Surprise Yourself! Nemo forever!

#TáGaeilgeAgam #SnaG20 https://snag.ie/